This site has been archived on 16/12/2015
16/12/2015
(click for more information)
Taighde agus nuail
Feileann an eolaíocht do chailíní freisin!
Accessibility tools

Service tools

Language

Navigation path

Main menu

Feileann an eolaíocht do chailíní freisin!

Tá bhur gcuid smaointe. bhur n-inspioráid agus bhur ndúthracht ag teastáil ón eolaíocht SIBHSE atá uaithi! Discover why

Arbh eol duit go bhfuil cailíní chomh maith le buachaillí san eolaíocht agus sa mhata ar scoil ach go dtugann níos mó buachaillí faoi thuilleadh staidéir san eolaíocht, teicneolaíocht agus innealtóireacht? Cuimhnígí mar sin a chailíní: tá an mianach céanna ionaibh. Gníomhaigh anois díreach! B’fhéidir gur agaibhse a bheidh an chéad fhionnachtain iontach eile. Téigh i mbun an dúshláin mar sin. Brabhsáil ár láithreán gréasáin: Déan tráth na gceist chun na poist a bhí uaibh riamh a aimsiú, amharc ar chuid de na físeáin iontacha faoi mhná san eolaíocht agus faigh tuilleadh faisnéise faoi na cúiseanna go bhfuil sibh ag teastáil ón eolaíocht!

An fáth go dTAITNEOIDH an eolaíocht leat

Cuir feabhas ar shaol daoine

Roghnaigh an eolaíocht agus déan difríocht! Oirfidh an eolaíocht duitse  má theastaíonn uait cosc a chur ar leathadh galar, cáilíocht bheatha níos fearr a thabhairt do dhaoine, timpeallacht nádúrtha leochaileach a chosaint, bia a chur i lámha na mbocht agus dul i ngleic leis an mbochtaineacht.

Bain leas as do shamhlaíocht agus do chruthaitheacht

Is  éard is fíor-eolaíocht ann a bheith cruthaitheach, naisc a aimsiú, ceisteanna a chur, a thuiscint conas a bhíonn rudaí ag obair agus cén fáth. Tá tú san áit cheart má theastaíonn uait freagraí a fháil ar “Cén fáth? Conas?, Cathain?, Cad a tharlóidh má…?” agus más mian leat teacht ar rud nár aimsigh aon duine riamh roimhe seo.

Tá an eolaíocht corraitheach

Ar mhaith leat a fhoghlaim conas a dhéanann ainmhithe cumarsáid lena chéile? Staidéar a dhéanamh ar na pláinéid? Nó cad faoi tabhairt faoi réimse na meán sóisialta? An n-aimseoidh tú freagraí do chuid ceisteanna inniu? Tá an eolaíocht taitneamhach agus corraitheach. Bí fiosrach ag éirí duit!

Beidh tú ag obair i bhfoireann agus taistealóidh tú ar fud an domhain

An bhfuil suim agat i jab idirnáisiúnta? Osclóidh an eolaíocht an domhan os do chomhair amach: beidh tú ag obair le daoine áitiúla agus le baill d’fhoireann taighde atá bunaithe i dtíortha éagsúla. Agus tú ag gabháil d’eolaíocht casfar daoine ort a mbeidh tú ag obair agus ag foghlaim leo agus beidh tú ag foghlaim uathu chomh maith.

Beidh cuisle na heolaíochta le brath

Agus tú ag gabháil don eolaíocht fágfaidh tú seanghnásanna i do dhiaidh agus cuirfidh tú ceisteanna. Sa bhfíor-eolaíocht cuirtear níos mó ceisteanna ná mar a fhreagraítear. Féadann daoine eile atá ar thóir an eolais teacht agus do chuid oibre a fhorbairt. Bí misniúil agus roghnaigh an eolaíocht – bí cíocrach ar fhreagraí nua an lae.  An Eolaíocht: paisean is ea í.

Íoslódálacha

Faigh do chuid íoslódálacha faoin bhfeachtas anseo!

Íoslódáil póstaer

Faigh do chuid íoslódálacha faoin bhfeachtas anseo!

Íoslódáil spárálaí scáileáin

Faigh do chuid íoslódálacha faoin bhfeachtas anseo!

Íoslódáil amhrán

Faigh do chuid íoslódálacha faoin bhfeachtas anseo!

Íoslódáil tábla Mendeleev

Arbh eol duit?

Imríonn fuinneamh na gréine tionchar iontach ar mhaighnéadas an domhain trí ghaotha gréine a éalaíonn ó dhromchla na gréine.